
Ballymore-Eustace v Milltown – Minor Girls Semi- Final Division 4
12 November 2022
FT: BME (4 – 08) Milltown (2 – 07)
Following on from their win against Milltown in Round 4, BME Minor girls were expecting a great battle for a place in the final. Milltown won the throw up but no score materialised. Ball was back up the pitch with BME getting two in the back of the net in quick succession. This spurred the Milltown girls into scoring the next three, 2 points and a goal before two more points from BME. Great vigor from Milltown, gets them another goal bringing them level and then a further point to give them the lead for the first time. An additional point apiece for both teams rounded off the first half leaving half time score BME (2 – 03) Milltown (2 – 04).
A regroup at half time, settled the girls, resulting in BME scoring (2 – 02). Response from Milltown, two more points, however, BME equalised it. With about 10 minutes to go, both teams were marking tight. A point each finished the game and earned the BME Minor girls a place in the final for their third consecutive year. Superb!
Final to be held in Hawkfield on the 19 November 2022, time to be confirmed. All support welcome.
Scorers/Scórálaithe: Daire Graham (2 – 04), Eimear Mooney (2 – 02), Aibhe Graham (0 – 01), Bryana Reid (0 – 01)
Is beag a bhí idir na foirne sa chluiche géar, crua a imríodh tráthnóna Dé Sathairn. Bhí bua ag teastáil ag an dá fhoireann chun áit sa Chraobh a chinntiú. Bhí tosach maith ag BME le dhá chúl ar dhroim a chéile laistigh den chéad deich nóiméad, ach bhí Baile an Mhuilinn ar ais fós gan mórán moille, cúl agus dhá chúilín faighte acu. Chuir BME dhá chúilín thar an trasnán agus mar fhreagra chur Baile an Mhuillinn an liathróid i gcúl na heangaí chun an scór a chothromú. D’fhág scór eile ó Baile an Mhuilinn iad chun tosaigh den chéad uair sa chluiche. Fuair na dhá fhoireann cúilín an ceann chun críoch a chur leis an gcéad leath. Scór leath-ama: BME (2 – 03) Baile an Mhuilinn (2 – 04).
Bhí faobhar faoi BME ag tús an dara leath, ag scóráil (2 – 02) dá bharr. Chuir Baile an Mhuilinn dhá chúilín thar an trasnán ach chuir BME dhá chuilín thairis chomh maith. Le 10 nóiméad fágtha sa chluiche, fuair an dá fhoireann cúilín agus chríochnaigh BME an cluiche lena lámha in uachtar agus áit sa Chluiche Ceannais don tríú bhliain i ndiaidh a chéile.






























